Rugadh é i nGort Inse Guaire, Co. na Gaillimhe. Tháinig sé amach ó Choláiste Phadraig i nDrumchonrach i 1978. Thosaigh sé ag múineadh i Scoil Náisiúnta Rathfaiche, i dTeamhair i gCo. na Mí i 1978. Fuair sé an post mar Phríomhoide ansin i 1986. Chaith sé dhá bhliain mar Oifigeach Forbartha le Cumann Cluiche Corr na hÉireann 1983-84 agus bhí sé mar Chathaoirleach Náisiúnta ó 1985-1988. Scríobh sé leabhar oiliúint Chluiche Corr i 1986. Mhúin sé in “Al Imam Malik School” Yanbu, Saudi Arabia ó 1992 go dtí 1996, nuair a bhí sé ar shos ghairme. Fuair sé an post i mBunscoil Clochar Mhuire i mBaile Átha Troim i gCo na Mí i 1998 agus tá sé ag obair ansin ó shin. Tá 35 oide sa scoil, 23 sna gnáthranganna agus 11 in óideachas speisialta. Tá dhá rang Urlabhra agus Teanga sa scoil. Chaith sé bliain mar phríomhoide i St Patrick’s Primary School, Koroit, Victoria, Australia i 2010. Bhí sé ar Choiste Náisiúnta IPPN ó 2001 go 2010. Faoi láthiar, tá sé ar an mbord stiúrtha don scéim “Gaelbhratach” i gcóir bunscoileanna. Is Aquarian é!

Back to Top