Sa seimineár seo, tabharfar léargas ar na dualgais atá ar scoileanna maidir le cosaint leanaí agus déanfar soiléiriú ar na riachtanais taifeadta a ghabann leis na dualgais seo. Beidh go leor samplaí de chásanna éagsúa agus pléifear conas plé leis na cásanna seo.

 

Éascaitheoir: Antóin Ó Cléirigh

Carmannach is ea Antóin Ó Cléirigh atá ag cur faoi san Ardchathair le blianta fada anois. Tá suim ar leith aige sa Chumann Lúthchleas Gael agus is annamh nach mbíonn foireann éigin á traenáil aige. Tá sé ag obair i Scoil Oilibhéir i mBaile Átha Cliath 15. Gaelscoil sheanbhunaithe is ea Scoil Oilibhéir agus tá Antóin ina phríomhoide ar an scoil ó Mheán Fómhair 2015. Creideann sé gur cheart go mbeadh an scoil i gcroílár an phobail agus bíonn sé de shíor ag iarraidh an nasc sin a dhaingniú. Tá tionchar dearfach na múinteoirí agus na mbunscoileanna i saol na ndaoine mórthimpeall orthu feicthe aige. Spreagadh suim san oideachas ann ina laethanta bunscoile i mBaile Loch Garman agus tá an t-ádh leis gur bhuail sé le daoine flaithíula cinéalta ó shin atá tar éis tacú leis ar bhóthar na foghlama.

Back to Top